Maidir le Cairde an Traonaigh

Fáilte a chairde! Tá an tionscadal Traonach LIFE ar siúl agus ba bhreá linn gach duine den phobal a thabhairt linn. Táthar ag obair le pobal na háite i réimsí éagsúla a bhaineann leis an tionscadal ar fud Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. San am a caitheadh, bhíodh an traonach ar fud na hÉireann ar fad ach fiú san áit nach gcloistear faoi láthair iad, níl dearmad déanta orthu. Nuair a chuirtear an cúngú géar ar réimsí na n-éan agus imirce na ndaoine óga ó cheantair thuaithe in Éirinn, is iomaí glúin óg a chaill an seans maireachtáil san áit chéanna leis an speiceas seo agus nósanna traidisiúnta feirmeoireachta a chaomhnú.

Is ardán Cairde an Traonaigh a cuireadh ar bun d’fhonn daoine a thabhairt le chéile ag obair mar a bheadh meitheal ann. Is féidir le duine cion tairbhe a dhéanamh anois is cuma cé chomh cóngarach agus atá d’áit ina bhfuil traonach nó cé chomh fada i gcéin agus atáthar. Fiú murar chuala tú an traonach riamh, is féidir leat a bheith páirteach i gCairde an Traonaigh agus cuidiú leis na bearta seo a leanas:

  • an traonach a chaomhnú
  • nósanna traidisiúnta feirmeoireachta a chaomhnú
  • cur leis an mbithéagsúlacht

I do dhuine den mheitheal seo duit, tá cruinniú síolta ar cheann de na rudaí is féidir leat a dhéanamh ón tús. Tá beartaithe againn roinnt réimsí Fásra Luath-Mall (FLM) a shaothrú ag deireadh an tsamhraidh gach bliain agus is ollmhór an líon síolta a bheidh de dhíth go mbíonn an rath ar an obair sin.

Tuilleadh eolais faoi Chruinniú Síolta.