Buneolas faoin Togra

Corncrake

Tá d’aidhm ghinearálta le tionscadal Corncrake LIFE an stádas caomhantais maidir leis an Traonach in Éirinn a thabhairt chun cinn trí fhorfheabhsú ar chóras na Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) agus an talamh feirme in aice láimhe. Beidh an tionscadal seo ar siúl ar 8 gcinn de shuíomhanna tionscadail (i 9 gcinn de limistéir LCS agus ar an talamh feirme máguaird).

Tá buntábhacht maidir leis an tionscadal seo leis an talamh feirme in aice láimhe ó tharla circa 85% de líon na n-éan ar fáil taobh istigh de na limistéir LCS agus an talamh máguaird. Díreofar ar na réimsí talún sin ar fad (dá dtagraítear leis an téarma “dúichí an traonaigh”) faoin togra seo.

Is iad na haidhmeanna sonracha atá le gnéithe éagsúla den togra:

  • comhoibriú na n-úinéirí talún agus comhpháirtíocht mhuintir na háite a chothú;
  • feabhas, bunaithe ar chúrsaí eolaíochta, maidir le bearta caomhantais den éifeachtúlacht a shaindíriú ar spriocanna faoi leith;
  • feabhas ar chórais bainistíochta maidir leis an Traonach sna suíomhanna tionscadail;
  • Fásra Luath agus Mall (FLM) a chruthú agus a chothabháil;
  • feabhas maidir le malartú eolais le feirmeoirí agus lucht pleanála sna suíomhanna tionscadail;
  • an Traonach a chur chun cinn mar shócmhainn ag an gceantar agus ag muintir an cheantair.

Ar na haidhmeanna a thabhairt i gcrích, meastar go dtarlóidh feabhas ar riocht na gnáthóige lena gcothófar, go meántéarmach, ardú ar líon na n-éan. I rith shéasúr an ghoir sa bhliain 2018, bhí tuairisc ar 151 éan fireann ag glaoch ar fud na tíre (tuairim is 85% díobh sin taobh istigh de limistéir an tionscadail). Tharla ardú sa bhliain 2019 ar an bhfigiúr sin go dtí 162 agus ísliú go dtí 146 sa bhliain 2020*. Cé nach féidir a rá go cinnte go dtiocfaidh ardú ar líon na n-éan de thoradh ar riocht na gnáthóige a fheabhsú, féachfar le hardú 20% ar líon na n-éan fireann a bhíonn ag glaoch a thabhairt i gcrích i rith ré feidhme an togra seo ar fud limistéir an tionscadail.

Tá d’aidhm leis an tionscadal bearta a chur i bhfeidhm ar fud achar iomlán 1,000ha de réimsí sprice, faoi réir ag aontú na n-úinéirí talún leis sin. Tabharfar sin i gcrích trí chomhaontuithe maidir le bainistíocht gnáthóige, léasáil talún agus ceannach talún ar bhonn straitéise. Tá an togra dírithe go háirithe ar shárchleachtas a chur i bhfeidhm agus a thabhairt chun cinn ionas go dtugtar aidhmeanna an togra, mar a leagtar amach thuas, i gcrích. Tuigtear go hiomlán an ról a chaithfidh a bheith le pobal na háite, le húinéirí talún go mór mór, maidir le gnáthóg an Traonaigh a chaomhnú agus déanfar obair i gcomhar leis na geallsealbhóirí sin ar fad. Beidh an rath a thagann ar an togra ag brath go mór ar spéis gheallsealbhóirí na háite a spreagadh ann. Chun na críche sin, beidh bearta faoi leith i gceist leis an tionscadal atá dírithe ar chomhoibriú na n-úinéirí talún a chinntiú agus rannpháirtíocht mhuintir na háite a chothú.

*D’fhéadfaí a mheas gur tharla lagthuairiscíocht maidir le figiúr na bliana 2020 mar gheall ar a anróití a bhí obair chruinn comhairimh a dhéanamh i rith phaindéim Covid-19