Ar a theacht don traonach an bealach ar fad go hÉirinn ón Afraic, iompaíonn an ceann fireann gan mórán moille ar chúram na cúplála. Tosaíonn coimhlint ghlórach, i rith na hoíche den chuid is mó, le héin ag fógairt in aghaidh a chéile. Ligeann siad roinnt glaonna grágacha astu ar feadh nóiméid agus coinníonn siad orthu mar sin go ceann roinnt uaireanta a chloig. Tagann athruithe móra ar líon na n-éan in Éirinn maidir le dlús agus le dátaí. Dírítear le suirbhéanna ar an achar gairid idir teacht na n-éan don tír agus tráth an ghoir d’fhonn an áit ina bhfuil an traonach a dheimhniú. Faoi dhó i rith shéasúr an ghoir, ó lár mhí Bealtaine (an chéad iarracht) go dtí deich lá tosaigh mhí Iúil (an dara hiarracht cúplála), breacann oibrithe suirbhéireachta tuairisc ar na háiteanna ina bhfuil an traonach agus cluas acu le glao suntasach a chloisteáil ón gceann fireann. Mar a tharlaíonn, is deacair gach éan faoi leith atá ag fógairt i réimse áirithe tíre a thabhairt chun suntais, ó tharla gur i rith na hoíche is gnách leis an speiceas seo a bheith gníomhach, go mbíonn siad i bhfolach i bhféar fada tiubh agus braitheann na rátaí maidir lena dtabhairt faoi deara ar an láthair, ar an aimsir agus ar chineál na gnáthóige. Anuas air sin uilig, bíonn gné thábhachtach den eolas ar iarraidh, cé mhéad éan baineann atá i láthair, mar gheall gurb é an ceann fireann amháin a mbreactar tuairisc air.
Glao an traonaigh
Is féidir beagnach gach speiceas a aithint ón nglao, agus ní haon chás eisceachta an traonach. Níl éagsúlacht mhór ag baint leis an bhfógairt a dhéanann an ceann fireann, cuireann sé glao de-shiollach monatonach as roinnt uaireanta in aghaidh an nóiméid ar feadh uaireanta a chloig agus is idir 23.00 agus 02.00 is minice a tharlaíonn seo. Ó am go chéile, seasann sé ar charraig, ar bhalla nó ar fhoirgneamh eile ach is é is minice go bhfanann siad i bhfolach mar a bhfuil féar fada. Bíonn an glao ard (c. 95dB) grágach a chuireann an traonach fireann as le cloisteáil níos mó ná 1km ó bhaile. Bíonn bíoga i ngach siolla, le héagsúlacht ó thaobh líon agus fad na mbíog, agus tarlaíonn sos níos giorra ná soicind idir na siollaí; tá réimse an-leathan i gceist le réimse minicíochta na siollaí, roinnt faoi bhun 100Hz agus roinnt ag teannadh le 18,000Hz. Déanann an traonach fireann fógairt ísealmhinicíochta freisin, ar a dtugtar “bogfhógairt” nuair a bhíonn ceiliúr cúplála ar siúl agus dlúthchaidreamh idir éin iomaíochta. Tá struchtúr ghlaonna den sórt sin éagsúil leis na gnáthnótaí grágaíle ó tharla gur ar mhinicíocht íseal (100-1000Hz) is mó a fhuinnmhítear, agus is ísle freisin an aimplitiúid (c. 70dB) agus an scaipeadh (<15m).
Cuireann an t-éan baineann agus na cinn óga glaonna astu chomh maith, cé nach chomh minic céanna leis an traonach fireann é. Tá réimse minicíochta, treise agus struchtúr ghlao na circe an-chosúil le glao an choiligh ach amháin nach mbíonn na nótaí grágaíle acu, ionas gur cosúla le tafann é. Is beag atá ar eolas faoi ghlaonna den chineál seo go fóill; is dócha ceangal acu le cur isteach ar iarrachtaí cúplála, mar shampla, ag lucht bainte féir. Ó thaobh cúrsaí bithfhuaimeolaíochta, bíonn fiúntas faoi leith le cearc ag glaoch ó tharla go bhféadfadh gur comhartha sin go bhfuil iarracht cúplála á dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh gur comhartha glao impí ó éan óg nó fógairt ó ghearrcach, cé gur annamh a chloistear agus gur beag cuntas atá orthu, a chur in iúl gur éirigh leis an iarracht cúplála.
An bhféadfaí suirbhéireacht 24/7 a dhéanamh ar an traonach?
Is den bunriachtanas, maidir le speicis a chaomhnú, na meastacháin is cruinne agus is iontaofa a bheith ar fáil maidir le líon, dlús agus scaipeadh an speicis atá le caomhnú. D’fhéadfadh dua agus dícheall rídhúthrachtach a bheith de dhíth, go háirithe maidir le speicis dhiamhra, le suirbhéireacht a dhéanamh ar gach suíomh ar feadh uaireanta fada i rith na hoíche agus ar líon maith laethanta. Is maith a d’éirigh le monatóireacht fuaimeolaíochta neamhghníomhach i ndáil le tionscadail éagsúla caomhantais ar fud an domhain mar mhodh monatóireachta ar speiceas is ábhar imní nuair is dá dtréithe a bheith cúlráideach nó maireachtáil in ionaid iargúlta. Ó tharla nach dtugtar aon leide eile seachas an glao maidir leis an traonach a bheith i láthair, is féidir gléasra ar an dtugtar “aonaid neamhspleácha taifeadta” (ARU) a fhágáil ar an láthair go ceann roinnt laethanta go ndéantar taifeadadh ar an bhfuaim agus go dtugtar glaonna an traonaigh chun suntais. Cuirtear taifeadáin den chineál seo le chéile le cás cumhdaigh thart ar dhá mhicreafón le cóimheas ard comhartha le torann, cadhnraí fadseala agus feisteas stórála le cártaí SD.
Tá buntáistí éagsúla le haonaid ARU seachas na seanmhodhanna suirbhéireachta:
- Sealanna fada taifeadta
- Suirbhéanna comhuaineacha ar réimsí éagsúla tíre
- Níos lú de chur isteach
- Seachnaítear obair faoin aer i rith na hoíche
- Sonraí neamhchlaon arna stóráil le cur faoi anailís tráth is faide anonn
Os a choinne sin, ní hé nach bhfuil míbhuntáistí éagsúla ag baint le monatóireacht fuaimeolaíochta neamhghníomhach chomh maith, mar shampla costas (d’fhéadfadh aonad ARU a bheith an-daor), an acmhainn stórála a bhíonn de dhíth agus an gá atá le feabhas ar algartaim maidir le glaonna a aithint.
Trealamh eile?
Chomh maith le haonaid ARU a fheistítear ar aon láthair tamall fada, baintear leas as micreafóin pharabóileacha freisin ar mhaithe le monatóireacht ghearrthéarmach. Taifeadáin láimhe na gléasanna seo lena mbaineann micreafón steiréafónach/monafónach, dhá mhias i bhfoirm parabóile, cos ionas gur féidir a dhíriú ar an bhfoinse fuaime agus taifeadán. A luaithe a chloistear traonach ag fógairt le traschriosanna réamhshocraithe, dírítear an micreafón ar an bpaiste óna bhfuil an comhartha ag teacht. Tugann an pharabóil an fhuaim chomh fada leis an micreafón lárnach sa chaoi is gur beag nach mbodhraítear torann cúlra go hiomlán. Má leanann an t-éan ag glaoch, is féidir dul ina threo gan aon chur isteach air, ós fearr faoi dhó caighdeán an taifeadta de réir mar a bhítear leath bealaigh chuige. Cé gur maidir le monatóireacht ghearrthéarmach fuaimeolaíochta a úsáidtear micreafóin pharabóileacha, bíonn de bhuntáiste leo i gcomparáid le haonad ARU go ndéantar an t-ionad óna bhfuil an t-éan fireann ag glaoch a shonrú go mion géar agus go mbíonn sin san áireamh leis na meiteashonraí a ghabhann le gach taifeadadh. Is féidir, dá réir sin, meastacháin iontaofa faoin traonach, maidir le líon agus dlús i ngach limistéar LCS, a chruthú trí aonaid ARU agus micreafóin pharabóileacha láimhe a úsáid in éineacht.
Cén chaoi a ndéantar glao an Traonaigh a thaifeadadh?
Feistítear aonaid ARU i ngach ceann den naoi limistéar LCS sa chaoi is fearr maidir le réimse iomlán taifeadta gan dúbailt iomarcach taifeadta maidir le ganna braiteoireachta na dtaifeadán éagsúil. Bíonn taifeadadh ar siúl go leanúnach (de ló agus d’oíche) ionas gur mó an seans go ndéanfar taifeadadh ar thraonach ag glaoch. Tar éis tréimhse isteach is amach le sé lá, bailítear na haonaid ARU. Bíonn gá ansin glaonna an traonaigh a thabhairt chun suntais ar na huaireanta fada a chloig de thaifeadadh fuaime, ar a mbeidh glaonna ó speicis eile, an ghaoth agus fuaimeanna eile le cloisteáil chomh maith.
Tarlaíonn le gach micreafón go n-aistrítear brú na dtonnta fuaime go comhartha leictreonaice. Déantar ansin, le bogearra, an t-ábhar fuaime a léiriú ar speictreagram i bhfoirm cholúin éagsúla le taobh a chéile; is féidir, dá réir sin, traonach a bheith i láthair a dheimhniú trí phátrún inaitheanta ón taifeadadh a chuardach. Le cora nua i dteicneolaíocht fuaime le tamall anuas, tá algartaim ar fáil trínar féidir pátrúin a ghabhann le glaonna faoi leith a thabhairt chun suntais go huathoibríoch uaireanta a chloig tar éis an glao sin a thaifeadadh. Cé gur féidir uaireanta fada a chloig de scanadh leadránach a sheachaint ar an gcaoi seo, ní mór an t-algartam a chóiriú le roinnt glaonna éagsúla sular féidir an comhartha sprice a thabhairt chun suntais le barr éifeachtúlachta.
Os a choinne sin, is féidir taifeadadh a dhéanamh le micreafóin pharabóileacha nach gá scanadh a dhéanamh orthu maidir le glaonna traonaigh ós iad na glaonna áirithe sin atá ar an taifeadadh féin. Fágann taifeadadh ar ardchaighdeán a bheith á dhéanamh ar éin aitheanta faoi leith ag fógairt gur féidir paraiméadair glóir ar scála mín a aimsiú leis an mbogearra cuí. Fágann sin réimse deiseanna maidir le hidirdhealú agus sainaithint éin faoi leith i ngach réimse feidhmiúcháin.
An glór mar a bheadh lorg méire ann
Ar aon dul, cuid mhór, le glór an duine, tá paraiméadair áirithe le glór an traonaigh ar beag nach comharthaí sainaitheantais iad maidir le gach traonach faoi seach, le miondifríochtaí i gcomórtas le tréithe na n-éan comhspeicis. Tá bíoga ina sraitheanna ag baint le gach siolla de ghlao an traonaigh. Le líon na mbíog agus an spás eatarthu, is féidir idirdhealú a dhéanamh agus éin faoi leith a aithint óna chéile. Leanann na paraiméadair sin go seasta síoraí gan bheann ar láthair nó ar aois an éin agus is féidir a léiriú le hanailís ar scála an-mhín ar an tonnchruth a ghabhann leis an nglao. Ciallaíonn idirdhealú go ndéantar comórtas idir dhá ghlao ar mhaithe le tástáil ar ón aon traonach amháin a ligeadh iad nó ó thraonaigh éagsúla. Ní mar a chéile baileach sainaithint a dhéanamh mar go dteastaíonn sa chás sin taifeadadh a dhéanamh líon mór uaireanta ar an aon éan aitheanta amháin ionas go gcruthaítear múnla staitistice lenar féidir pátrún faoi leith a aithint i measc cuid mhór glaonna eile.
Cén chaoi ar eol dúinn gur ón éan fireann amháin na glaonna?
Bíonn tnúth le glaonna éagsúla ón láthair amháin a thaifeadadh laethanta i ndiaidh a chéile leis na haonaid ARU. Is ar éigean is féidir, dáiríre, dhá ghlao a aithint óna chéile le gnáthéisteacht. Idirdhealú fuaimeolaíochta, dá réir sin, a ligeann dúinn comhaireamh níos míne ná a fhaightear ón modh suirbhéireachta traidisiúnta amháin a thabhairt ar líon na n-éan. Go deimhin, glactar de bhuntuiscint leis i ndáil le suirbhé caighdeánach, gur ón aon éan amháin dhá ghlao a chloistear i bhfoisceacht 250m dá chéile ar oícheanta éagsúla. Mar a tharlaíonn, d’fhéadfadh traonach láthair a fhágáil i rith shéasúr an ghoir agus traonach atá in iomaíocht leis an gceann sin a theacht ina ionad. D’fhéadfadh freisin dhá éan a bheith i láthair in ionad áirithe agus nach ndéanann fógairt aon oíche faoi leith ach ceann acu. Dá réir sin, tá barrthábhacht le hidirdhealú idir “an traonach cónaí” agus “an traonach fáin” (.i. an t-éan nach bhfuil réimse dá chuid féin faoi) ós minic nach ró-mhaith a éiríonn leis na héin fáin ó thaobh cúplála agus gur féidir an róbhéim a bheith orthu sa chomhaireamh. Ionas gur cruinne an comhaireamh, is ceart gach éan fireann atá ag fógairt a thabhairt chun suntais (chomh maith le héan baineann agus gearrcach más féidir) agus, ina chomhthéacs sin, tugann modhanna bithfhuaimeolaíochta an deis meastacháin iontaofa maidir le líon agus dlús a chur ar fáil ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais.
Anuas ar an méid sin, tá ceisteanna taighde bitheolaíocht agus éiceolaíochta maidir leis an traonach nár díríodh orthu go fóill, Mar shampla, an bhfanann éan fireann sa suíomh goir amháin idir an dá iarracht cúplála agus blianta i ndiaidh a chéile? Ó tharla go ndéantar taifeadadh freisin ar ghlaonna ón éan baineann, is féidir an cheist chéanna a fhiosrú maidir le dílseacht na circe do shuíomhanna a mheas. Ní mór, chuige sin, na traonaigh a shainaithint, beart is mine agus is géire ná idirdhealú. Go deimhin, ní mór tacar mór sonraí ó thaifeadadh ar an éan amháin faoi leith chun sainaithint a dhéanamh go críochnúil. Le himeacht roinnt blianta a thabharfar sainaithint i gcrích agus beidh buntábhacht leis sin maidir le tuiscint a fháil ar dhílseacht éin don suíomh a thuiscint agus ar éin nua a earcú. Chomh maith leis sin, má bhíonn oiread den ádh ar thaighdeoirí agus go ndéantar taifeadadh ar ghearrcach ag glaoch, is féidir an rath a bhíonn ar ál a cheangal le tuismitheoirí faoi leith a shonraítear le hanailís ar pharaiméadair glóir agus, sa chás go mbíonn líon an tsampla sách ard, is féidir tréithe folláine a cheangal le paraiméadair áirithe glóir chomh maith. Ar aon dul le clibeáil raidió agus bandaí, beidh taighde bunaithe ar bhithfhuaimeolaíocht oiriúnach maidir le ceisteanna nua ar féidir fiosrú a dhéanamh ina leith le sainaithint fuaimeolaíochta, gan aon ghá le breith ar an éan, modh oibre ar minic é á cheangal leis an mbaol go ndéanfaí díobháil don éan agus go mbeadh tionchar aige ar na torthaí.
Cén cineál gnáthóige is rogha leis an traonach maidir le séasúr an ghoir in Éirinn? Cé na háiteanna ar dóiche an traonach a bheith ar fáil iontu san am atá amach romhainn? Cén dáta, ar an meán, a dtagann na héin gach bliain agus cén t-athrú a tharlaíonn ag brath ar chúrsaí aeráide nó timpeallachta? Is féidir fiosrú a dhéanamh maidir le ceisteanna taighde den chineál sin, agus ceisteanna nach iad, trí mhodhanna bithfhuaimeolaíochta a úsáid in éineacht le measúnacht gnáthóige. Déanfar freisin geallsealbhóirí an tionscadail a chur ar an eolas maidir leis na nósanna caomhantais is fearr agus na cúinsí inar mó éifeacht leo.
For more information on the use of bioacoustics in the Corncrake Traonach LIFE project, contact andrea.parisi@research.gmit.ie Further reading on bioacoustics Abrahams, C. (2018). Bird Bioacoustic Surveys – developing a standard protocol. In Practice, CIEEM, (102), 20–23. Browning, E., Gib, R., Glover-Kapfer, P., & Jones, K. E. (2017). Passive acoustic monitoring in ecology and conservation. WWF Conservation Technology Series, 1(2), 75. Retrieved from https://www.wwf.org.uk/conservationtechnology/documents/Acousticmonitoring-WWF-guidelines.pdf Peake, T. M., McGregor, P. K., Smith, K. W., Tyler, G., Gilbert, G., & Green, R. E. (1998). Individuality in Corncrake Crex crex vocalizations. Ibis, 140(1), 120–127. https://doi.org/10.1111/j.1474-919x.1998.tb04548.x Pijanowski, B., Farina, A., Gage, S., Dumyahn, S., & Krause, B. (2011). What is soundscape ecology? An introduction and overview of an emerging new science. Landscape Ecology, 26, 1213–1232. https://doi.org/10.1007/s10980-011-9600-8 Shonfield, J., & Bayne, E. M. (2017). Autonomous recording units in avian ecological research: current use and future applications. Avian Conservation and Ecology, 12(1). https://doi.org/10.5751/ace-00974-120114