{"id":1321,"date":"2022-03-02T10:28:19","date_gmt":"2022-03-02T10:28:19","guid":{"rendered":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/"},"modified":"2023-03-21T15:36:06","modified_gmt":"2023-03-21T15:36:06","slug":"micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/","title":{"rendered":"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta"},"content":{"rendered":"\n<p>Ar a theacht don traonach an bealach ar fad go h\u00c9irinn \u00f3n Afraic, iompa\u00edonn an ceann fireann gan m\u00f3r\u00e1n moille ar ch\u00faram na c\u00fapl\u00e1la. Tosa\u00edonn coimhlint ghl\u00f3rach, i rith na ho\u00edche den chuid is m\u00f3, le h\u00e9in ag f\u00f3gairt in aghaidh a ch\u00e9ile. Ligeann siad roinnt glaonna gr\u00e1gacha astu ar feadh n\u00f3im\u00e9id agus coinn\u00edonn siad orthu mar sin go ceann roinnt uaireanta a chloig. Tagann athruithe m\u00f3ra ar l\u00edon na n-\u00e9an in \u00c9irinn maidir le dl\u00fas agus le d\u00e1ta\u00ed. D\u00edr\u00edtear le suirbh\u00e9anna ar an achar gairid idir teacht na n-\u00e9an don t\u00edr agus tr\u00e1th an ghoir d&#8217;fhonn an \u00e1it ina bhfuil an traonach a dheimhni\u00fa. Faoi dh\u00f3 i rith sh\u00e9as\u00far an ghoir, \u00f3 l\u00e1r mh\u00ed Bealtaine (an ch\u00e9ad iarracht) go dt\u00ed deich l\u00e1 tosaigh mh\u00ed I\u00fail (an dara hiarracht c\u00fapl\u00e1la), breacann oibrithe suirbh\u00e9ireachta tuairisc ar na h\u00e1iteanna ina bhfuil an traonach agus cluas acu le glao suntasach a chloiste\u00e1il \u00f3n gceann fireann. Mar a tharla\u00edonn, is deacair gach \u00e9an faoi leith at\u00e1 ag f\u00f3gairt i r\u00e9imse \u00e1irithe t\u00edre a thabhairt chun suntais, \u00f3 tharla gur i rith na ho\u00edche is gn\u00e1ch leis an speiceas seo a bheith gn\u00edomhach, go mb\u00edonn siad i bhfolach i bhf\u00e9ar fada tiubh agus braitheann na r\u00e1ta\u00ed maidir lena dtabhairt faoi deara ar an l\u00e1thair, ar an aimsir agus ar chine\u00e1l na gn\u00e1th\u00f3ige. Anuas air sin uilig, b\u00edonn gn\u00e9 th\u00e1bhachtach den eolas ar iarraidh, c\u00e9 mh\u00e9ad \u00e9an baineann at\u00e1 i l\u00e1thair, mar gheall gurb \u00e9 an ceann fireann amh\u00e1in a mbreactar tuairisc air.     <\/p>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">Glao an traonaigh<\/h2>\n\n<p>Is f\u00e9idir beagnach gach speiceas a aithint \u00f3n nglao, agus n\u00ed haon ch\u00e1s eisceachta an traonach. N\u00edl \u00e9ags\u00falacht mh\u00f3r ag baint leis an bhf\u00f3gairt a dh\u00e9anann an ceann fireann, cuireann s\u00e9 glao de-shiollach monatonach as roinnt uaireanta in aghaidh an n\u00f3im\u00e9id ar feadh uaireanta a chloig agus is idir 23.00 agus 02.00 is minice a tharla\u00edonn seo. \u00d3 am go ch\u00e9ile, seasann s\u00e9 ar charraig, ar bhalla n\u00f3 ar fhoirgneamh eile ach is \u00e9 is minice go bhfanann siad i bhfolach mar a bhfuil f\u00e9ar fada. B\u00edonn an glao ard (c. 95dB) gr\u00e1gach a chuireann an traonach fireann as le cloiste\u00e1il n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 1km \u00f3 bhaile. B\u00edonn b\u00edoga i ngach siolla, le h\u00e9ags\u00falacht \u00f3 thaobh l\u00edon agus fad na mb\u00edog, agus tarla\u00edonn sos n\u00edos giorra n\u00e1 soicind idir na siolla\u00ed; t\u00e1 r\u00e9imse an-leathan i gceist le r\u00e9imse minic\u00edochta na siolla\u00ed, roinnt faoi bhun 100Hz agus roinnt ag teannadh le 18,000Hz. D\u00e9anann an traonach fireann f\u00f3gairt \u00edsealmhinic\u00edochta freisin, ar a dtugtar \u201cbogfh\u00f3gairt\u201d nuair a bh\u00edonn ceili\u00far c\u00fapl\u00e1la ar si\u00fal agus dl\u00fathchaidreamh idir \u00e9in ioma\u00edochta. T\u00e1 strucht\u00far ghlaonna den s\u00f3rt sin \u00e9ags\u00fail leis na gn\u00e1thn\u00f3ta\u00ed gr\u00e1ga\u00edle \u00f3 tharla gur ar mhinic\u00edocht \u00edseal (100-1000Hz) is m\u00f3 a fhuinnmh\u00edtear, agus is \u00edsle freisin an aimpliti\u00faid (c. 70dB) agus an scaipeadh (&lt;15m).      <\/p>\n\n<p>Cuireann an t-\u00e9an baineann agus na cinn \u00f3ga glaonna astu chomh maith, c\u00e9 nach chomh minic c\u00e9anna leis an traonach fireann \u00e9. T\u00e1 r\u00e9imse minic\u00edochta, treise agus strucht\u00far ghlao na circe an-chos\u00fail le glao an choiligh ach amh\u00e1in nach mb\u00edonn na n\u00f3ta\u00ed gr\u00e1ga\u00edle acu, ionas gur cos\u00fala le tafann \u00e9. Is beag at\u00e1 ar eolas faoi ghlaonna den chine\u00e1l seo go f\u00f3ill; is d\u00f3cha ceangal acu le cur isteach ar iarrachta\u00ed c\u00fapl\u00e1la, mar shampla, ag lucht bainte f\u00e9ir. \u00d3 thaobh c\u00farsa\u00ed bithfhuaimeola\u00edochta, b\u00edonn fi\u00fantas faoi leith le cearc ag glaoch \u00f3 tharla go bhf\u00e9adfadh gur comhartha sin go bhfuil iarracht c\u00fapl\u00e1la \u00e1 dh\u00e9anamh. Ar an gcuma ch\u00e9anna, d&#8217;fh\u00e9adfadh gur comhartha glao imp\u00ed \u00f3 \u00e9an \u00f3g n\u00f3 f\u00f3gairt \u00f3 ghearrcach, c\u00e9 gur annamh a chloistear agus gur beag cuntas at\u00e1 orthu, a chur in i\u00fal gur \u00e9irigh leis an iarracht c\u00fapl\u00e1la.    <\/p>\n\n<div class=\"wp-block-image\"><figure class=\"aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"576\" src=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png\" alt=\"Speicteagraim maidir leis an &#xC9;an Fireann agus leis an &#xC9;an Baineann\" class=\"wp-image-130\" srcset=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png 1024w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-300x169.png 300w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-768x432.png 768w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2.png 1310w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>Dh\u00e1 speictreagram de ghlaonna an traonaigh, \u00f3 \u00e9an baineann ar chl\u00e9 (ar dheis) agus \u00f3 \u00e9an fireann ar dheis (ar chl\u00e9). Minic\u00edocht (kHz) ar an y-ais. De r\u00e9ir mar is gile is ea is tr\u00e9ine (dB)  <\/figcaption><\/figure><\/div>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">An bhf\u00e9adfa\u00ed suirbh\u00e9ireacht 24\/7 a dh\u00e9anamh ar an traonach?<\/h2>\n\n<p>Is den bunriachtanas, maidir le speicis a chaomhn\u00fa, na meastach\u00e1in is cruinne agus is iontaofa a bheith ar f\u00e1il maidir le l\u00edon, dl\u00fas agus scaipeadh an speicis at\u00e1 le caomhn\u00fa. D&#8217;fh\u00e9adfadh dua agus d\u00edcheall r\u00eddh\u00fathrachtach a bheith de dh\u00edth, go h\u00e1irithe maidir le speicis dhiamhra, le suirbh\u00e9ireacht a dh\u00e9anamh ar gach su\u00edomh ar feadh uaireanta fada i rith na ho\u00edche agus ar l\u00edon maith laethanta. Is maith a d&#8217;\u00e9irigh le monat\u00f3ireacht fuaimeola\u00edochta neamhghn\u00edomhach i nd\u00e1il le tionscadail \u00e9ags\u00fala caomhantais ar fud an domhain mar mhodh monat\u00f3ireachta ar speiceas is \u00e1bhar imn\u00ed nuair is d\u00e1 dtr\u00e9ithe a bheith c\u00falr\u00e1ideach n\u00f3 maireacht\u00e1il in ionaid iarg\u00falta. \u00d3 tharla nach dtugtar aon leide eile seachas an glao maidir leis an traonach a bheith i l\u00e1thair, is f\u00e9idir gl\u00e9asra ar an dtugtar &#8220;aonaid neamhsple\u00e1cha taifeadta&#8221; (ARU) a fh\u00e1g\u00e1il ar an l\u00e1thair go ceann roinnt laethanta go nd\u00e9antar taifeadadh ar an bhfuaim agus go dtugtar glaonna an traonaigh chun suntais. Cuirtear taifead\u00e1in den chine\u00e1l seo le ch\u00e9ile le c\u00e1s cumhdaigh thart ar dh\u00e1 mhicreaf\u00f3n le c\u00f3imheas ard comhartha le torann, cadhnra\u00ed fadseala agus feisteas st\u00f3r\u00e1la le c\u00e1rta\u00ed SD.    <\/p>\n\n<p>T\u00e1 bunt\u00e1ist\u00ed \u00e9ags\u00fala le haonaid ARU seachas na seanmhodhanna suirbh\u00e9ireachta:<\/p>\n\n<ul class=\"wp-block-list\"><li>Sealanna fada taifeadta<\/li><li>Suirbh\u00e9anna comhuaineacha ar r\u00e9ims\u00ed \u00e9ags\u00fala t\u00edre<\/li><li>N\u00edos l\u00fa de chur isteach<\/li><li>Seachna\u00edtear obair faoin aer i rith na ho\u00edche<\/li><li>Sonra\u00ed neamhchlaon arna st\u00f3r\u00e1il le cur faoi anail\u00eds tr\u00e1th is faide anonn<\/li><\/ul>\n\n<p>Os a choinne sin, n\u00ed h\u00e9 nach bhfuil m\u00edbhunt\u00e1ist\u00ed \u00e9ags\u00fala ag baint le monat\u00f3ireacht fuaimeola\u00edochta neamhghn\u00edomhach chomh maith, mar shampla costas (d&#8217;fh\u00e9adfadh aonad ARU a bheith an-daor), an acmhainn st\u00f3r\u00e1la a bh\u00edonn de dh\u00edth agus an g\u00e1 at\u00e1 le feabhas ar algartaim maidir le glaonna a aithint.<\/p>\n\n<div class=\"wp-block-columns is-layout-flex wp-container-core-columns-is-layout-28f84493 wp-block-columns-is-layout-flex\">\n<div class=\"wp-block-column is-layout-flow wp-block-column-is-layout-flow\">\n<figure class=\"wp-block-image size-full is-resized\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_21cfba0be5f94b4ca527f7bccaaed863_mv2.png\" alt=\"Sampla de na cine&#xE1;lacha ARU a bheidh in &#xFA;s&#xE1;id faoin aer\" class=\"wp-image-133\" height=\"350\" srcset=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_21cfba0be5f94b4ca527f7bccaaed863_mv2.png 431w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_21cfba0be5f94b4ca527f7bccaaed863_mv2-300x257.png 300w\" sizes=\"(max-width: 431px) 100vw, 431px\" \/><figcaption>Aonad Neamhsple\u00e1ch Taifeadta (ARU)<\/figcaption><\/figure>\n<\/div>\n\n\n\n<div class=\"wp-block-column is-layout-flow wp-block-column-is-layout-flow\">\n<figure class=\"wp-block-image size-full is-resized\"><img decoding=\"async\" src=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_9470147a5b234c97b17f73fe3fcd6874_mv2.png\" alt=\"Micreaf&#xF3;n Parab&#xF3;ileach\" class=\"wp-image-134\" height=\"350\" srcset=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_9470147a5b234c97b17f73fe3fcd6874_mv2.png 692w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_9470147a5b234c97b17f73fe3fcd6874_mv2-298x300.png 298w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_9470147a5b234c97b17f73fe3fcd6874_mv2-150x150.png 150w\" sizes=\"(max-width: 692px) 100vw, 692px\" \/><figcaption>Micreaf\u00f3n Parab\u00f3ileach The dish reflects the sound toward the central microphone, obtaining recording with a high signal-to-noise ratio. <\/figcaption><\/figure>\n<\/div>\n<\/div>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">Trealamh eile?<\/h2>\n\n<p>Chomh maith le haonaid ARU a fheist\u00edtear ar aon l\u00e1thair tamall fada, baintear leas as micreaf\u00f3in pharab\u00f3ileacha freisin ar mhaithe le monat\u00f3ireacht ghearrth\u00e9armach. Taifead\u00e1in l\u00e1imhe na gl\u00e9asanna seo lena mbaineann micreaf\u00f3n steir\u00e9af\u00f3nach\/monaf\u00f3nach, dh\u00e1 mhias i bhfoirm parab\u00f3ile, cos ionas gur f\u00e9idir a dh\u00edri\u00fa ar an bhfoinse fuaime agus taifead\u00e1n. A luaithe a chloistear traonach ag f\u00f3gairt le traschriosanna r\u00e9amhshocraithe, d\u00edr\u00edtear an micreaf\u00f3n ar an bpaiste \u00f3na bhfuil an comhartha ag teacht. Tugann an pharab\u00f3il an fhuaim chomh fada leis an micreaf\u00f3n l\u00e1rnach sa chaoi is gur beag nach mbodhra\u00edtear torann c\u00falra go hioml\u00e1n. M\u00e1 leanann an t-\u00e9an ag glaoch, is f\u00e9idir dul ina threo gan aon chur isteach air, \u00f3s fearr faoi dh\u00f3 caighde\u00e1n an taifeadta de r\u00e9ir mar a bh\u00edtear leath bealaigh chuige. C\u00e9 gur maidir le monat\u00f3ireacht ghearrth\u00e9armach fuaimeola\u00edochta a \u00fas\u00e1idtear micreaf\u00f3in pharab\u00f3ileacha, b\u00edonn de bhunt\u00e1iste leo i gcompar\u00e1id le haonad ARU go nd\u00e9antar an t-ionad \u00f3na bhfuil an t-\u00e9an fireann ag glaoch a shonr\u00fa go mion g\u00e9ar agus go mb\u00edonn sin san \u00e1ireamh leis na meiteashonra\u00ed a ghabhann le gach taifeadadh. Is f\u00e9idir, d\u00e1 r\u00e9ir sin, meastach\u00e1in iontaofa faoin traonach, maidir le l\u00edon agus dl\u00fas i ngach limist\u00e9ar LCS, a chruth\u00fa tr\u00ed aonaid ARU agus micreaf\u00f3in pharab\u00f3ileacha l\u00e1imhe a \u00fas\u00e1id in \u00e9ineacht.      <\/p>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">C\u00e9n chaoi a nd\u00e9antar glao an Traonaigh a thaifeadadh?<\/h2>\n\n<p>Feist\u00edtear aonaid ARU i ngach ceann den naoi limist\u00e9ar LCS sa chaoi is fearr maidir le r\u00e9imse ioml\u00e1n taifeadta gan d\u00fabailt iomarcach taifeadta maidir le ganna braiteoireachta na dtaifead\u00e1n \u00e9ags\u00fail. B\u00edonn taifeadadh ar si\u00fal go lean\u00fanach (de l\u00f3 agus d&#8217;o\u00edche) ionas gur m\u00f3 an seans go nd\u00e9anfar taifeadadh ar thraonach ag glaoch. Tar \u00e9is tr\u00e9imhse isteach is amach le s\u00e9 l\u00e1, bail\u00edtear na haonaid ARU. B\u00edonn g\u00e1 ansin glaonna an traonaigh a thabhairt chun suntais ar na huaireanta fada a chloig de thaifeadadh fuaime, ar a mbeidh glaonna \u00f3 speicis eile, an ghaoth agus fuaimeanna eile le cloiste\u00e1il chomh maith.   <\/p>\n\n<p>Tarla\u00edonn le gach micreaf\u00f3n go n-aistr\u00edtear br\u00fa na dtonnta fuaime go comhartha leictreonaice. D\u00e9antar ansin, le bogearra, an t-\u00e1bhar fuaime a l\u00e9iri\u00fa ar speictreagram i bhfoirm chol\u00fain \u00e9ags\u00fala le taobh a ch\u00e9ile; is f\u00e9idir, d\u00e1 r\u00e9ir sin, traonach a bheith i l\u00e1thair a dheimhni\u00fa tr\u00ed ph\u00e1tr\u00fan inaitheanta \u00f3n taifeadadh a chuardach. Le cora nua i dteicneola\u00edocht fuaime le tamall anuas, t\u00e1 algartaim ar f\u00e1il tr\u00ednar f\u00e9idir p\u00e1tr\u00fain a ghabhann le glaonna faoi leith a thabhairt chun suntais go huathoibr\u00edoch uaireanta a chloig tar \u00e9is an glao sin a thaifeadadh. C\u00e9 gur f\u00e9idir uaireanta fada a chloig de scanadh leadr\u00e1nach a sheachaint ar an gcaoi seo, n\u00ed m\u00f3r an t-algartam a ch\u00f3iri\u00fa le roinnt glaonna \u00e9ags\u00fala sular f\u00e9idir an comhartha sprice a thabhairt chun suntais le barr \u00e9ifeacht\u00falachta.    <\/p>\n\n<p>Os a choinne sin, is f\u00e9idir taifeadadh a dh\u00e9anamh le micreaf\u00f3in pharab\u00f3ileacha nach g\u00e1 scanadh a dh\u00e9anamh orthu maidir le glaonna traonaigh \u00f3s iad na glaonna \u00e1irithe sin at\u00e1 ar an taifeadadh f\u00e9in. F\u00e1gann taifeadadh ar ardchaighde\u00e1n a bheith \u00e1 dh\u00e9anamh ar \u00e9in aitheanta faoi leith ag f\u00f3gairt gur f\u00e9idir paraim\u00e9adair gl\u00f3ir ar sc\u00e1la m\u00edn a aimsi\u00fa leis an mbogearra cu\u00ed. F\u00e1gann sin r\u00e9imse deiseanna maidir le hidirdheal\u00fa agus sainaithint \u00e9in faoi leith i ngach r\u00e9imse feidhmi\u00fach\u00e1in.  <\/p>\n\n<div class=\"wp-block-image\"><figure class=\"aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"340\" src=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_6ff0b95124b04613984f448f4fd6f470_mv2-1024x340.png\" alt=\"Speictreagram\" class=\"wp-image-140\" srcset=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_6ff0b95124b04613984f448f4fd6f470_mv2-1024x340.png 1024w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_6ff0b95124b04613984f448f4fd6f470_mv2-300x100.png 300w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_6ff0b95124b04613984f448f4fd6f470_mv2-768x255.png 768w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_6ff0b95124b04613984f448f4fd6f470_mv2.png 1132w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>Speictreagram maidir le traonach i mbun f\u00f3gartha. Ar thaobh na l\u00e1imhe cl\u00e9, feictear glaonna i ndiaidh a ch\u00e9ile taobh istigh d&#8217;aon n\u00f3im\u00e9ad amh\u00e1in. Ar thaobh na l\u00e1imhe deise, tugtar l\u00e9argas leathnaithe tr\u00edna bhfeictear col\u00fain den ghn\u00e1thchine\u00e1l (bu\u00ed) \u00f3na n-aithn\u00edtear glao a scaoil traonach fireann  <\/figcaption><\/figure><\/div>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">An gl\u00f3r mar a bheadh lorg m\u00e9ire ann<\/h2>\n\n<p>Ar aon dul, cuid mh\u00f3r, le gl\u00f3r an duine, t\u00e1 paraim\u00e9adair \u00e1irithe le gl\u00f3r an traonaigh ar beag nach comhartha\u00ed sainaitheantais iad maidir le gach traonach faoi seach, le miondifr\u00edochta\u00ed i gcom\u00f3rtas le tr\u00e9ithe na n-\u00e9an comhspeicis. T\u00e1 b\u00edoga ina sraitheanna ag baint le gach siolla de ghlao an traonaigh. Le l\u00edon na mb\u00edog agus an sp\u00e1s eatarthu, is f\u00e9idir idirdheal\u00fa a dh\u00e9anamh agus \u00e9in faoi leith a aithint \u00f3na ch\u00e9ile. Leanann na paraim\u00e9adair sin go seasta s\u00edora\u00ed gan bheann ar l\u00e1thair n\u00f3 ar aois an \u00e9in agus is f\u00e9idir a l\u00e9iri\u00fa le hanail\u00eds ar sc\u00e1la an-mh\u00edn ar an tonnchruth a ghabhann leis an nglao. Cialla\u00edonn idirdheal\u00fa go nd\u00e9antar com\u00f3rtas idir dh\u00e1 ghlao ar mhaithe le t\u00e1st\u00e1il ar \u00f3n aon traonach amh\u00e1in a ligeadh iad n\u00f3 \u00f3 thraonaigh \u00e9ags\u00fala. N\u00ed mar a ch\u00e9ile baileach sainaithint a dh\u00e9anamh mar go dteasta\u00edonn sa ch\u00e1s sin taifeadadh a dh\u00e9anamh l\u00edon m\u00f3r uaireanta ar an aon \u00e9an aitheanta amh\u00e1in ionas go gcrutha\u00edtear m\u00fanla staitistice lenar f\u00e9idir p\u00e1tr\u00fan faoi leith a aithint i measc cuid mh\u00f3r glaonna eile.     <\/p>\n\n<div class=\"wp-block-image\"><figure class=\"aligncenter size-large\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1024\" height=\"677\" src=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_da815624f9ab46c89d95fdced3f60b9b_mv2-1024x677.png\" alt=\"Tonnchruth leathnaithe maidir le Glao &#xF3; Thraonach Fireann\" class=\"wp-image-142\" srcset=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_da815624f9ab46c89d95fdced3f60b9b_mv2-1024x677.png 1024w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_da815624f9ab46c89d95fdced3f60b9b_mv2-300x198.png 300w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_da815624f9ab46c89d95fdced3f60b9b_mv2-768x508.png 768w, https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_da815624f9ab46c89d95fdced3f60b9b_mv2.png 1358w\" sizes=\"auto, (max-width: 1024px) 100vw, 1024px\" \/><figcaption>L\u00e9argas leathnaithe tonnchrutha maidir le traonach fireann ag f\u00f3gairt. In \u00edochtar, tarla\u00edonn athlua roinnt uaireanta ar gach siolla de na glaonna a l\u00e9ir\u00edtear mar chol\u00fan. In uachtar, is ionann incrimint an ch\u00fars\u00f3ra agus 0.005s d&#8217;fhonn l\u00edon na mb\u00edog a dheimhni\u00fa chomh maith leis an aga \u00f3 bh\u00edog go b\u00edog (PPD) maidir le gach n\u00f3ta  <\/figcaption><\/figure><\/div>\n\n<h2 class=\"wp-block-heading\">C\u00e9n chaoi ar eol d\u00fainn gur \u00f3n \u00e9an fireann amh\u00e1in na glaonna?<\/h2>\n\n<p>B\u00edonn tn\u00fath le glaonna \u00e9ags\u00fala \u00f3n l\u00e1thair amh\u00e1in a thaifeadadh laethanta i ndiaidh a ch\u00e9ile leis na haonaid ARU. Is ar \u00e9igean is f\u00e9idir, d\u00e1ir\u00edre, dh\u00e1 ghlao a aithint \u00f3na ch\u00e9ile le gn\u00e1th\u00e9isteacht. Idirdheal\u00fa fuaimeola\u00edochta, d\u00e1 r\u00e9ir sin, a ligeann d\u00fainn comhaireamh n\u00edos m\u00edne n\u00e1 a fhaightear \u00f3n modh suirbh\u00e9ireachta traidisi\u00fanta amh\u00e1in a thabhairt ar l\u00edon na n-\u00e9an. Go deimhin, glactar de bhuntuiscint leis i nd\u00e1il le suirbh\u00e9 caighde\u00e1nach, gur \u00f3n aon \u00e9an amh\u00e1in dh\u00e1 ghlao a chloistear i bhfoisceacht 250m d\u00e1 ch\u00e9ile ar o\u00edcheanta \u00e9ags\u00fala. Mar a tharla\u00edonn, d&#8217;fh\u00e9adfadh traonach l\u00e1thair a fh\u00e1g\u00e1il i rith sh\u00e9as\u00far an ghoir agus traonach at\u00e1 in ioma\u00edocht leis an gceann sin a theacht ina ionad. D&#8217;fh\u00e9adfadh freisin dh\u00e1 \u00e9an a bheith i l\u00e1thair in ionad \u00e1irithe agus nach nd\u00e9anann f\u00f3gairt aon o\u00edche faoi leith ach ceann acu. D\u00e1 r\u00e9ir sin, t\u00e1 barrth\u00e1bhacht le hidirdheal\u00fa idir &#8220;an traonach c\u00f3na\u00ed&#8221; agus &#8220;an traonach f\u00e1in&#8221; (.i. an t-\u00e9an nach bhfuil r\u00e9imse d\u00e1 chuid f\u00e9in faoi) \u00f3s minic nach r\u00f3-mhaith a \u00e9ir\u00edonn leis na h\u00e9in f\u00e1in \u00f3 thaobh c\u00fapl\u00e1la agus gur f\u00e9idir an r\u00f3bh\u00e9im a bheith orthu sa chomhaireamh. Ionas gur cruinne an comhaireamh, is ceart gach \u00e9an fireann at\u00e1 ag f\u00f3gairt a thabhairt chun suntais (chomh maith le h\u00e9an baineann agus gearrcach m\u00e1s f\u00e9idir) agus, ina chomhth\u00e9acs sin, tugann modhanna bithfhuaimeola\u00edochta an deis meastach\u00e1in iontaofa maidir le l\u00edon agus dl\u00fas a chur ar f\u00e1il ar bhealach at\u00e1 \u00e9ifeachtach \u00f3 thaobh costais.      <\/p>\n\n<p>Anuas ar an m\u00e9id sin, t\u00e1 ceisteanna taighde bitheola\u00edocht agus \u00e9iceola\u00edochta maidir leis an traonach n\u00e1r d\u00edr\u00edodh orthu go f\u00f3ill, Mar shampla, an bhfanann \u00e9an fireann sa su\u00edomh goir amh\u00e1in idir an d\u00e1 iarracht c\u00fapl\u00e1la agus blianta i ndiaidh a ch\u00e9ile? \u00d3 tharla go nd\u00e9antar taifeadadh freisin ar ghlaonna \u00f3n \u00e9an baineann, is f\u00e9idir an cheist ch\u00e9anna a fhiosr\u00fa maidir le d\u00edlseacht na circe do shu\u00edomhanna a mheas. N\u00ed m\u00f3r, chuige sin, na traonaigh a shainaithint, beart is mine agus is g\u00e9ire n\u00e1 idirdheal\u00fa. Go deimhin, n\u00ed m\u00f3r tacar m\u00f3r sonra\u00ed \u00f3 thaifeadadh ar an \u00e9an amh\u00e1in faoi leith chun sainaithint a dh\u00e9anamh go cr\u00edochn\u00fail. Le himeacht roinnt blianta a thabharfar sainaithint i gcr\u00edch agus beidh bunt\u00e1bhacht leis sin maidir le tuiscint a fh\u00e1il ar dh\u00edlseacht \u00e9in don su\u00edomh a thuiscint agus ar \u00e9in nua a earc\u00fa. Chomh maith leis sin, m\u00e1 bh\u00edonn oiread den \u00e1dh ar thaighdeoir\u00ed agus go nd\u00e9antar taifeadadh ar ghearrcach ag glaoch, is f\u00e9idir an rath a bh\u00edonn ar \u00e1l a cheangal le tuismitheoir\u00ed faoi leith a shonra\u00edtear le hanail\u00eds ar pharaim\u00e9adair gl\u00f3ir agus, sa ch\u00e1s go mb\u00edonn l\u00edon an tsampla s\u00e1ch ard, is f\u00e9idir tr\u00e9ithe foll\u00e1ine a cheangal le paraim\u00e9adair \u00e1irithe gl\u00f3ir chomh maith. Ar aon dul le clibe\u00e1il raidi\u00f3 agus banda\u00ed, beidh taighde bunaithe ar bhithfhuaimeola\u00edocht oiri\u00fanach maidir le ceisteanna nua ar f\u00e9idir fiosr\u00fa a dh\u00e9anamh ina leith le sainaithint fuaimeola\u00edochta, gan aon gh\u00e1 le breith ar an \u00e9an, modh oibre ar minic \u00e9 \u00e1 cheangal leis an mbaol go nd\u00e9anfa\u00ed d\u00edobh\u00e1il don \u00e9an agus go mbeadh tionchar aige ar na tortha\u00ed.       <\/p>\n\n<p>C\u00e9n cine\u00e1l gn\u00e1th\u00f3ige is rogha leis an traonach maidir le s\u00e9as\u00far an ghoir in \u00c9irinn? C\u00e9 na h\u00e1iteanna ar d\u00f3iche an traonach a bheith ar f\u00e1il iontu san am at\u00e1 amach romhainn? C\u00e9n d\u00e1ta, ar an me\u00e1n, a dtagann na h\u00e9in gach bliain agus c\u00e9n t-athr\u00fa a tharla\u00edonn ag brath ar ch\u00farsa\u00ed aer\u00e1ide n\u00f3 timpeallachta? Is f\u00e9idir fiosr\u00fa a dh\u00e9anamh maidir le ceisteanna taighde den chine\u00e1l sin, agus ceisteanna nach iad, tr\u00ed mhodhanna bithfhuaimeola\u00edochta a \u00fas\u00e1id in \u00e9ineacht le meas\u00fanacht gn\u00e1th\u00f3ige. D\u00e9anfar freisin geallsealbh\u00f3ir\u00ed an tionscadail a chur ar an eolas maidir leis na n\u00f3sanna caomhantais is fearr agus na c\u00fains\u00ed inar m\u00f3 \u00e9ifeacht leo.    <\/p>\n\n<pre class=\"wp-block-verse\">For more information on the use of bioacoustics in the Corncrake Traonach LIFE project, contact <a title=\"Email Andrea Parisi\" href=\"mailto:andrea.parisi@research.gmit.ie\">andrea.parisi@research.gmit.ie<\/a>\n\n<strong>Further reading on bioacoustics<\/strong>\n\nAbrahams, C. (2018). Bird Bioacoustic Surveys \u2013 developing a standard protocol. In Practice, CIEEM, (102), 20\u201323.\n\nBrowning, E., Gib, R., Glover-Kapfer, P., & Jones, K. E. (2017). Passive acoustic monitoring in ecology and conservation. WWF Conservation Technology Series, 1(2), 75. Retrieved from <a title=\"Acoustic Monitoring - WWF Guidelines - PDF\" href=\"https:\/\/www.wwf.org.uk\/conservationtechnology\/documents\/Acousticmonitoring-WWF-guidelines.pdf\">https:\/\/www.wwf.org.uk\/conservationtechnology\/documents\/Acousticmonitoring-WWF-guidelines.pdf<\/a>\n\nPeake, T. M., McGregor, P. K., Smith, K. W., Tyler, G., Gilbert, G., & Green, R. E. (1998). Individuality in Corncrake Crex crex vocalizations. Ibis, 140(1), 120\u2013127. <a title=\"DOI Document\" href=\"https:\/\/doi.org\/10.1111\/j.1474-919x.1998.tb04548.x\">https:\/\/doi.org\/10.1111\/j.1474-919x.1998.tb04548.x<\/a>\n\nPijanowski, B., Farina, A., Gage, S., Dumyahn, S., & Krause, B. (2011). What is soundscape ecology? An introduction and overview of an emerging new science. Landscape Ecology, 26, 1213\u20131232. <a title=\"DOI Document\" href=\"https:\/\/doi.org\/10.1007\/s10980-011-9600-8\">https:\/\/doi.org\/10.1007\/s10980-011-9600-8<\/a>\n\nShonfield, J., & Bayne, E. M. (2017). Autonomous recording units in avian ecological research: current use and future applications. Avian Conservation and Ecology, 12(1). <a title=\"DOI Document\" href=\"https:\/\/doi.org\/10.5751\/ace-00974-120114\">https:\/\/doi.org\/10.5751\/ace-00974-120114<\/a>\n\n<\/pre>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ar a theacht don traonach an bealach ar fad go h\u00c9irinn \u00f3n Afraic, iompa\u00edonn an ceann fireann gan m\u00f3r\u00e1n moille ar ch\u00faram na c\u00fapl\u00e1la. Tosa\u00edonn coimhlint ghl\u00f3rach, i rith na ho\u00edche den chuid is m\u00f3, le h\u00e9in ag f\u00f3gairt in aghaidh a ch\u00e9ile. Ligeann siad roinnt glaonna gr\u00e1gacha astu ar feadh n\u00f3im\u00e9id agus coinn\u00edonn siad [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":0,"parent":0,"menu_order":0,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"","meta":{"site-sidebar-layout":"no-sidebar","site-content-layout":"","ast-site-content-layout":"default","site-content-style":"default","site-sidebar-style":"default","ast-global-header-display":"","ast-banner-title-visibility":"","ast-main-header-display":"","ast-hfb-above-header-display":"","ast-hfb-below-header-display":"","ast-hfb-mobile-header-display":"","site-post-title":"","ast-breadcrumbs-content":"","ast-featured-img":"","footer-sml-layout":"","ast-disable-related-posts":"","theme-transparent-header-meta":"","adv-header-id-meta":"","stick-header-meta":"","header-above-stick-meta":"","header-main-stick-meta":"","header-below-stick-meta":"","astra-migrate-meta-layouts":"default","ast-page-background-enabled":"default","ast-page-background-meta":{"desktop":{"background-color":"var(--ast-global-color-4)","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""},"tablet":{"background-color":"","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""},"mobile":{"background-color":"","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""}},"ast-content-background-meta":{"desktop":{"background-color":"var(--ast-global-color-5)","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""},"tablet":{"background-color":"var(--ast-global-color-5)","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""},"mobile":{"background-color":"var(--ast-global-color-5)","background-image":"","background-repeat":"repeat","background-position":"center center","background-size":"auto","background-attachment":"scroll","background-type":"","background-media":"","overlay-type":"","overlay-color":"","overlay-opacity":"","overlay-gradient":""}},"footnotes":""},"class_list":["post-1321","page","type-page","status-publish","hentry"],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.3 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Ar a theacht don traonach an bealach ar fad go h\u00c9irinn \u00f3n Afraic, iompa\u00edonn an ceann fireann gan m\u00f3r\u00e1n moille ar ch\u00faram na c\u00fapl\u00e1la. Tosa\u00edonn coimhlint ghl\u00f3rach, i rith na ho\u00edche den chuid is m\u00f3, le h\u00e9in ag f\u00f3gairt in aghaidh a ch\u00e9ile. Ligeann siad roinnt glaonna gr\u00e1gacha astu ar feadh n\u00f3im\u00e9id agus coinn\u00edonn siad [&hellip;]\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Corncrake LIFE\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/groups\/1110924015998978\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2023-03-21T15:36:06+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@CorncrakeLife\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"15 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/\",\"name\":\"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/03\\\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png\",\"datePublished\":\"2022-03-02T10:28:19+00:00\",\"dateModified\":\"2023-03-21T15:36:06+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/03\\\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/03\\\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/\",\"name\":\"Corncrake LIFE\",\"description\":\"Corncrake Traonach LIFE\",\"publisher\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#organization\"},\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"},{\"@type\":\"Organization\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#organization\",\"name\":\"Department of Housing, Local Government and Heritage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/\",\"logo\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/03\\\/Corncrake-Traonach-LIFE-Logo.png\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2022\\\/03\\\/Corncrake-Traonach-LIFE-Logo.png\",\"width\":207,\"height\":100,\"caption\":\"Department of Housing, Local Government and Heritage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.corncrakelife.ie\\\/ga\\\/#\\\/schema\\\/logo\\\/image\\\/\"},\"sameAs\":[\"https:\\\/\\\/www.facebook.com\\\/groups\\\/1110924015998978\",\"https:\\\/\\\/x.com\\\/CorncrakeLife\",\"https:\\\/\\\/www.instagram.com\\\/corncrakelife\\\/\",\"https:\\\/\\\/www.youtube.com\\\/channel\\\/UCJGP2YKBafZ689yVU0Iy_Zw\"]}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE","og_description":"Ar a theacht don traonach an bealach ar fad go h\u00c9irinn \u00f3n Afraic, iompa\u00edonn an ceann fireann gan m\u00f3r\u00e1n moille ar ch\u00faram na c\u00fapl\u00e1la. Tosa\u00edonn coimhlint ghl\u00f3rach, i rith na ho\u00edche den chuid is m\u00f3, le h\u00e9in ag f\u00f3gairt in aghaidh a ch\u00e9ile. Ligeann siad roinnt glaonna gr\u00e1gacha astu ar feadh n\u00f3im\u00e9id agus coinn\u00edonn siad [&hellip;]","og_url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/","og_site_name":"Corncrake LIFE","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/groups\/1110924015998978","article_modified_time":"2023-03-21T15:36:06+00:00","og_image":[{"url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png","type":"","width":"","height":""}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@CorncrakeLife","twitter_misc":{"Est. reading time":"15 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/","url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/","name":"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta - Corncrake LIFE","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png","datePublished":"2022-03-02T10:28:19+00:00","dateModified":"2023-03-21T15:36:06+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png","contentUrl":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/03611e_4c4c0e8033b447e3ac2637116137c008_mv2-1024x576.png"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/micreafon-paraboileach-samplach-mar-gheall-ar-an-mias-frithchaitear-an-fhuaim-chuig-an-micreafon-i-lar-baire-ionas-go-dtarlaionn-taifeadadh-ar-choimheas-ard-comhartha-le-torann\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Taighde Bithfhuaimeola\u00edochta"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/","name":"Corncrake LIFE","description":"Corncrake Traonach LIFE","publisher":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#organization"},"potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"},{"@type":"Organization","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#organization","name":"Department of Housing, Local Government and Heritage","url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/","logo":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#\/schema\/logo\/image\/","url":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/Corncrake-Traonach-LIFE-Logo.png","contentUrl":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/wp-content\/uploads\/2022\/03\/Corncrake-Traonach-LIFE-Logo.png","width":207,"height":100,"caption":"Department of Housing, Local Government and Heritage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/#\/schema\/logo\/image\/"},"sameAs":["https:\/\/www.facebook.com\/groups\/1110924015998978","https:\/\/x.com\/CorncrakeLife","https:\/\/www.instagram.com\/corncrakelife\/","https:\/\/www.youtube.com\/channel\/UCJGP2YKBafZ689yVU0Iy_Zw"]}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1321","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=1321"}],"version-history":[{"count":7,"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1321\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2011,"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1321\/revisions\/2011"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.corncrakelife.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=1321"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}